아래는 노래 가사입니다. Siun Ni Dhaibhir , 아티스트 - Brigham Phillips, John Herberman, Cait Agus Sean 번역 포함
번역이 포함된 원본 텍스트
Brigham Phillips, John Herberman, Cait Agus Sean
D'éirigh mé ar maidin a tharraing chun aonaigh mhóir
A dhíol 's a cheannacht mar dhéanfadh mo dhaoine romham
Bhuail tart ar a' bhealach mé 's shuí mise síos a dh'ól
'S le Siún Ní Dhuibhir gur ól mise luach na mbróg
A Shiún Ní Dhuibhir an miste leat mé bheith tinn?
Mo bhrón 's mo mhilleadh má's miste liom tú 'bheigh i gcill
Bróinte 's muilte bheith scileadh ar chúl do chinn
Ach cead a bheith in Iorras go dtara síoi Éabh 'un cinn
A Shiún Ní Dhuibhir 's tú bun agus barr mo scéil
Ar mhná an cruinne go dtug sise 'n báire léi
Le gile le finne le mais' is le dhá dtrian scéimh
'S nach mise 'n trua Mhuire bheith scaradh amárach léi
Thiar in Iorras tá searc agus grá mo chléibh
Planda 'n linbh a d’eitigh mo phósadh inné
Beir scéala uaim chuicí má thug mise póg dá béal
Go dtabharfainn dí tuilleadh dá gcuirfeadh siad bólacht léi
«Beir scéala uaim chuige Go dearfa nach bpósaim é
Ó chuala mise gur chuir sé Le bólacht mé
Nuair nach bhfuil agamsa Maoin nó mórán spré
Bíodh a rogha aige 'S beith mise 'r mo chomhairle féin»
다양한 언어로 된 노래
모든 언어로 고품질 번역
몇 초 만에 원하는 텍스트를 찾으세요