아래는 노래 가사입니다. Neansai Mhile Gra , 아티스트 - Clannad 번역 포함
번역이 포함된 원본 텍스트
Clannad
A Neansaí, 'mhíle grá, a bhruinneall 'tá gan smál
Go bhfeice mise’n t-ádh 'gus an séan ort
Ba ghile do dhá láimh ná cúr geal na trá
Ná'n eala 's í a' snámh ar an Éirne
Is glaise liom do shúil ná braon beag den drúcht
Is binne liomsa tú ná na téadaí
'S mur' n-éalaí tusa liomsa titfidh mé i lionndubh
'Gus cuirfear insa chill 'do dhéidh mé
Is iomaí sin guth mná a chluinimse 'ngach aird
Abhus agus taobh thall den Éirne
Go Corcaigh na gCuan 's go Béal Ath' na Sluaigh
'Sí Neansaí 'thug bua ar a' méid sin
A Mhuire 'gus a Dhia, nárbh aoibhinn deas é'r saol
Dá mbeinnse agus í le chéile?
Tráthnóna aoibhinn ciúin, ó mise 'gus mo rún
Ag cogarnaíl ar uaigneas sléibhe
Beir litir uaimse suas chuig Neansaí chaoin na gcuach
Is aithris di gur buartha atá mé
Aithris di arís nach gcodlaím féin aon oíche
Le harraing atá trí mo thaobh deas
Aithris é dá súil, aithris é dá cúl
Aithris é dá méin mhaith chéillí
Aithris é dá ceann 's dá béilín atá binn
Gur ghiorraigh sí go cinnte mo laetha'
다양한 언어로 된 노래
모든 언어로 고품질 번역
몇 초 만에 원하는 텍스트를 찾으세요