아래는 노래 가사입니다. An Cailín Rua , 아티스트 - Skara Brae 번역 포함
번역이 포함된 원본 텍스트
Skara Brae
Véarsa:
Nach doiligh domhsa mo chailín a mholadh
Ní hé amháin mar bhí sí rua
Bhí sí mar gha gréine ag dul in éadan na ngloiní
Is bhí scéimh mhná na Finne le mo chailín rua
Curfá:
Thug mé lion í ó bhaile go baile
Ó Gheaftaí Dhoire go Baile Átha Luain
Chun fhuil aon mhíle dár shiúil mé ar an fad sin
Nach dtug mé deoch leanna do mo chailín rua
Véarsa:
B’fhearr liom í ná bó is ná bearrach
Nó a bhfuil de loingis ag tarraingt chun cuain
B’fhearr liom arís na cíos Chluain Meala
Go mbeinn is mo chailín i mBaile Átha Luain
Véarsa:
Chuir mé mo chailín go margadh Shligigh
Ba é sin féin an margadh bhí daor
Bhí scilling agus punt ar an mheánpheicín ime
Is go dtug mé sin le fuinneamh do mo chailín rua
Chuaigh sí siar agus bróga breac' uirthi
Ribíní glasuaithne teannta ar a gruaig
D'éalaigh sí uaimse le buachaill an tsiopa
Is a Rí nár dheas í, mo chailín rua
다양한 언어로 된 노래
모든 언어로 고품질 번역
몇 초 만에 원하는 텍스트를 찾으세요