아래는 노래 가사입니다. Seoladh Na Ngamhna , 아티스트 - Solas 번역 포함
번역이 포함된 원본 텍스트
Solas
Tráthnóinín déanach is mé gan mhairg
Ag seoladh na ngamhna fén bhfásach
Do dhearcas chugamsa an spéirbhean mhaisiúil
Chiúin thais bhanúil náireach
D’fhiasraíos féin go séimh dhen ainnir
An aon ní thar lear a tháinig
Ag seoladh na ngamhana 'sea dh’fhágas as baile
Ach ceann ní bhfaighidh go lá dhíobh
Tá crainnín cumhra i lúb na coille
'Gus raghaimid araon go lá fé
Mar a mbeidh ceol binn na n-éan dá síorchur a chodladh
Is cuileann is eidhneán ag fás air
Gheobhainn cead saor ó mhaor na coille
Féar a thabhairt go lá dhíobh
Más ag scarúint óna chéile atá chugainn ar maidin
Seo póg agus bairrín beag mo láimh chugat
Is b’fhéidir le hÍosa fá Oíche Nollag
Go mbeimid araon in ann pósadh
I seoimrín néata ag pointe an ghleanna
'S an Sagart ag ól ár sláinte
Beidh beoir againn go líonmhar go fuíoch gan dochma
Is gloine dhen fíon dhonn Spáinneach
Beidh puinse againn á roinnt le linn dul a chodladh
Is gheobhaimid na gamhna amárach
Beidh puinse againn á roinnt le linn dul a chodladh
Is gheobhaimid na gamhna amárach
다양한 언어로 된 노래
모든 언어로 고품질 번역
몇 초 만에 원하는 텍스트를 찾으세요