아래는 노래 가사입니다. Casadh An Tsúgáin , 아티스트 - The Bothy Band 번역 포함
번역이 포함된 원본 텍스트
The Bothy Band
Agus rinne mise cleas
Ag Tigh Mhic Ui Dhomhnaill aréir
Is an tarna cleas ag teach
An Ósta lena thaobh
An triú cleas ní bfhearr domh
A chur le mo scéal
Is gur mhinicí domh bheith ag caitheamh
An dúthracht mhaith léi
A Rí na bhfeart cad do chas
Ins a' dúiche seo mé?
'S gur mó cailín deas a gheobhainn
Im' dhúthaigín beag féin
Gur casadh mé isteach mar a raibh searc
Agus rún geal mo chléibh
Is chuir an tseanbhean amach mé
Ag casadh an tsúgáinín féir
Curfá:
Má bhíonn tú liom, bí liom
A stóirín mo chroí
Ma bhíonn tú liom, bí liom
Os comhair an tsaoil
Ma bhíonn tú liom, bí liom
Gach orlach de do chroí
Is é mo liom go fann nach liom
Dé Domhnaigh thú mar mhnaoí
Tá mo cheannsa liath le bliain
Is ní le críonnacht é
Ní bheathaíonn na briathra
Na bráithre pé sa domhan scéal é
Is táim i do dhiaidh le bliain
Is gan fáil agam ort féin
Is gur geall le fia mé ar sliabh
Go mbeadh gáir chon ina dhéidh
Do threabfainn, d’fhuirsinn
Chuirfinn síol ins a' chré
'S do dhéanfainn obair shocair
Álainn, mhín, réidh
Do chuirfinn crú fén each
Is mire shiúil riamh ar féar
Is ná héalaodh bean le fear
Ná déanfadh san féin
다양한 언어로 된 노래
모든 언어로 고품질 번역
몇 초 만에 원하는 텍스트를 찾으세요