Cuach Mo Lon Dubh Buí - Altan

Cuach Mo Lon Dubh Buí - Altan

Альбом
The Blue Idol
Год
2001
Язык
`아일랜드`
Длительность
182440

아래는 노래 가사입니다. Cuach Mo Lon Dubh Buí , 아티스트 - Altan 번역 포함

노래 가사 " Cuach Mo Lon Dubh Buí "

번역이 포함된 원본 텍스트

Cuach Mo Lon Dubh Buí

Altan

Bhí mise’s mo bhean bheag lá gabháil a' bóthar,

'S oró grá mo chroí,

Is cé chásfaidh dúinn ach Gruagach an óir bhuí,

Cuach mo lon dubh buí.

D’fhiafair sí domhsa an 'níon domh an óigbhean,

'S oró grá mo chroí,

A’s dúirt mé féin gurb í mo bhean phósta í,

Cuach mo lon dubh buí.

D’Tabharfaidh tú domhsa choíche go deo í?

'S oró grá mo chroí,

Muna ndéanfaidh tú sin liom dhéanfaidh mé 'n cóir leat,

Cuach mo lon dubh buí.

Gabh thusa 'na mullaí 'gus mise 'na móinte,

S oró grá mo chroí,

S ca bith fear a leanfaidh sí bíodh sí go deo aige,

Cuach mo lon dubh buí.

Chuaigh seisean 'na mullaí 'gus mise móinte,

'S oró grá mo chroí,

'Gus lean sí an Gruagach, b’aige a bhí 'n óige,

Cuach mo lon dubh buí.

D’fhill mé 'na bhaile go buartha cráite,

'S oró grá mo chroí,

Gus shuigh mé síos ar mo leabaidh trí ráithe,

Cuach mo lon dubh buí.

D’fhan sí amuigh aige bliain is trí ráithe,

'S oró grá mo chroí,

Agus tháinig sí, 'na bhaile, mo Mhallaí gan náire,

Cuach mo lon dubh buí.

A ghiolla adaí istigh caidí mar atá tú?

S oró grá mo chroí,

Mar is olc le mo charaid is maith liom mo námhaid,

Cuach mo lon dubh buí.

Caidé a dhéanfá dá bhfaighinnse bás uait?

'S oró grá mo chroí,

Chuirfinn ort cónair dara na gcúig gclár,

Cuach mon lon dubh buí.

Caidé inniu agus cuach amárach,

S oró grá mo chroí,

'Gus cuach bheag eile achan lá go ceann ráithe,

Cuach mon on dubh buí.

200만 개 이상의 가사

다양한 언어로 된 노래

번역

모든 언어로 고품질 번역

빠른 검색

몇 초 만에 원하는 텍스트를 찾으세요