Ta Me 'Mo Shui - Altan

Ta Me 'Mo Shui - Altan

Альбом
Blackwater
Год
1995
Язык
`아일랜드`
Длительность
297530

아래는 노래 가사입니다. Ta Me 'Mo Shui , 아티스트 - Altan 번역 포함

노래 가사 " Ta Me 'Mo Shui "

번역이 포함된 원본 텍스트

Ta Me 'Mo Shui

Altan

Tá mé 'mo shuí

Ó d'éirigh an ghealach aréir

Ag cur teineadh síos gan scíth

'S á fadú go géar

Tá bunadh a' tí 'na luí

'S tá mise liom féin

Tá na coiligh ag glaoch

'S tá 'n saol ina gcodladh ach mé

Sheacht mh’anam déag do bhéal

Do mhalaí 's do ghrua

Do shúil ghorm ghlé gheal

Fá'r thréig mé aiteas is suairc

Le cumhaidh i do dhiaidh ní léir dom

An bealach a shiúl

Is a charaid mo chléibh

Tá na sléibhte ag gabháil idir mé 's tú

Deireann lucht léinn

Gur cloíte an galar an grá

Char admhaigh mé é nó go raibh sé

'Ndiaidh mo chroí 'stigh a chrá

Aicíd ró-ghéar, faraor

Nár sheachnaigh mé í

Chuir sí arraing 's céad go géar

Fríd cheartlár mo chroí

Casadh bean sí domh thíos

Ag Lios Bhéal an Áth'

'S d’fhiafraigh mé díthe

An scaoilfeadh glais ar bith grá

'Sé dúirt sí os íseal

I mbriathra soineanta sámh

Nuair a théann sé fán chroí

Cha scaoiltear as é go brách

200만 개 이상의 가사

다양한 언어로 된 노래

번역

모든 언어로 고품질 번역

빠른 검색

몇 초 만에 원하는 텍스트를 찾으세요