Caide Sin Don Té Sin? - Altan

Caide Sin Don Té Sin? - Altan

  • Альбом: Runaway Sunday

  • 출시년도: 1996
  • 언어: 아일랜드
  • 지속: 3:13

아래는 노래 가사입니다. Caide Sin Don Té Sin? , 아티스트 - Altan 번역 포함

노래 가사 " Caide Sin Don Té Sin? "

번역이 포함된 원본 텍스트

Caide Sin Don Té Sin?

Altan

Chuaigh mé 'un aonaigh 's dhíol mé mo bhó

Ar chúig phunta airgid 's ar ghiní bhuí óir

Má ólaim an t-airgead is má bhronnaim an t-ór

Ó caide sin don té sin nach mbaineann sin dó?

Má théim 'na choilleadh chraobhaigh 'cruinniú sméara nó cnó

A baint ullaí do ghéaga nó a buachailleacht bó

Má shínim seal uaire faoi chrann a dhéanamh só

Ó caide sin don té sin nach mbaineann sin dó?

Má théimse chuig airnéal 's rince 's spórt

Chuig aonaigh nó rásaí, 's gach cruinniú den tseoirt

Má bhíonn daoine súgach, 's má bhím súgach leo

Ó caide sin don té sin nach mbaineann sin dó?

Deir daoine go bhfuil mé gan rath is gan dóigh

Gan earraí, gan éadal, gan bólacht nó stór

Ach má tá mise sásta mo chónaí i gcró

Ó caide sin don té sin nach mbaineann sin dó?

Chuaigh mé 'un aonaigh 's dhíol mé mo bhó

Ar chúig phunta airgid 's ar ghiní bhuí óir

Má ólaim an t-airgead is má bhronnaim an t-ór

Ó caide sin don té sin nach mbaineann sin dó?

200만 개 이상의 가사

다양한 언어로 된 노래

번역

모든 언어로 고품질 번역

빠른 검색

몇 초 만에 원하는 텍스트를 찾으세요